DCU-Dublin City University

Course Details

BA Gaeilge agus Iriseoireacht

Course Description

Le linn na dtrí bliana, cuirtear béim ar na réimsí seo a fhorbairt sa chlár: Scileanna praiticiúla iriseoireachta agus meán. Tuiscint agus saineolas ar na meáin Ghaeilge agus dhátheangacha. Líofacht agus cruinneas sa Ghaeilge. Tabharfaidh modúil ar nós Nuachtlaethanta, Iriseoireacht Idirlín agus Gaeilge Chomhaimseartha an muinín duit le feidhmiú go héifeachtúil sa réimse seo. Agus tú in DCU, faoi chúram FIONTAR agus na Scoile Chumarsáide, beidh cleachtadh díreach agat ar thionscadail phraiticiúla oibre a chuirfidh le do chuid scileanna agus do chuid saineolais. Tá áiseanna faoi leith ag FIONTAR mar thaca don chlár seo. Le cinntiú go mbeidh tú in ann dul chun cinn a dhéanamh san earnáil, caithfidh tú trí mhí ag obair sna meáin le deis intéirneachta le RTÉ nó in eagras poiblí nó príobháideach i ról cumarsáide. Tabharfaidh an cúrsa seo buntáiste duit agus tú ag iarraidh do ghairm bheatha a roghnú agus a fhorbairt sna meáin nó sa réimse caidrimh phoiblí.

Course Duration

NumberDuration
4year

Career outcomes

Is féidir gairm san iriseoireacht nó sa chumarsáid a bhunú sna meáin éagsúla Béarla agus Gaeilge, in eagrais stáit agus chultúrtha. Beidh bunús láidir agat leis an gcúrsa seo le tabhairt faoi staidéar iarchéime sna réimsí seo: iriseoireacht, teanga, cultúr agus na dána. Roghnaigh DC239 sa CAO.Beidh fostaíocht ar fáil sna réimsí seo:




BA Gaeilge agus Iriseoireacht DCU-Dublin City University