DCU-Dublin City University

Course Details

BA Gno & Gaeilge

Course Description

Tá an clár seo bunaithe ar thrí (3) phríomhréimse: Gnó agus Bainistíocht Teicneolaíocht na Faisnéise don Ghnó An Ghaeilge Chomhaimseartha Caithfidh tú an chéad bhliain agus an dara bliain ag forbairt na réimsí seo ar campas. Beidh deis agat ina dhiaidh sin dul ar chlár INTRA nó dul ar aghaidh go dtí an bhliain dheireanach. Gnóthóidh tú oideachas leathan acadúil agus praiticiúil atá in oiriúint don saol comhaimseartha gnó agus bainistíochta le modúil cosúil le Bainistíocht Straitéiseach, Bainistíocht Tionscadal agus Bainistíocht Acmhainní Daonna. Beidh tuiscint agat ar chultúr agus forbróidh tú sárscileanna cumarsáide, chomh maith le do chumas sa Ghaeilge idir labhairt agus scríobh. Rachaidh tú i dtaithí ar obair foirne agus beidh deis agat forbairt phearsanta a dhéanamh agus do shamhlaíocht a úsáid i gcomhthéacs cruthaitheach gnó.

Course Duration

NumberDuration
3year

Career outcomes

I measc na ngairmeacha a mbeidh spéis agat iontu beidh: bainistíocht gnó agus tograí, múinteoireacht, an státseirbhís, airgeadas agus ríomhaireacht, gairmeacha sna meáin chumarsáide, tionscal an aistriúcháin, an earnáil phoiblí agus na hearnálacha cultúrtha, oidhreachta agus teanga. Beidh bunús láidir agat leis an gcúrsa seo le tabhairt faoi staidéar iarchéime sna réimsí seo: bainistíocht, gnó, teanga, cultúr agus na dána.




BA Gno & Gaeilge DCU-Dublin City University